Back
Seachtain na Gaeilge- Pics
Beannachtaí Lá Fhéile Pádraig oraibh go léir!
Bhí seachtain den chéad scoth againn anseo i gColáiste Cholmcille chun ceiliúradh a dhéanamh ar sheachtain na Gaeilge. Bhí ceolchoirm traidisiúnta, rince ghaelach, tráth na gceist, turas chuig an bpictiúrlann chun an scannán “An Cailín Ciúin” a fheiceáil, comórtas póstaeir agus a lán imeachtaí eile ar siúl i rith na seachtaine. Bhí siamsaíocht ar siúl sa seomra foirne freisin le ceol traidisiúnta agus cístí glasa. I rith ár lá glas, bhí réimse leathan de ghlas le feiceáil timpeall na scoile. Maith sibh daltaí agus pobal na scoile! Tá súil againn go mbainfidh sibh go léir an-taitneamh as ceiliúradh Naomh Phádraig!
